Winamp Logo
Blas Pod Podcast Cover
Blas Pod Podcast Profile

Blas Pod Podcast

Irish, News, 1 season, 37 episodes, 14 hours, 33 minutes
About
Inneachar tráthúil fuaime ó fhoireann BBC Blas in am seo na dianghlasála i bhfoirm podchraolta
Episode Artwork

Project Children sa Lyric, Páirc Náisiúnta na Mara

Sa dráma Project Children in Amharclann an Lyric, insítear scéal an tionscnaimh chéanna, a thug deis do pháistí ó Thuaisceart na hÉireann seal a chaitheamh i Meiriceá agus faoiseamh a fháil ó dheacrachtaí an tsaoil anseo. Tá léirmheas ag Francis Mezza dúinn. Le Páirc úrnua Náisiúnta na Mara ar na bacáin i gContae Chiarraí, tugann an bitheolaí Jack O’Donovan Trá léargas s’aige féin dúinn ar na féidearthachtaí a d’fhéadfaí a chothú ann, maidir leis an fhiadhúlra agus an bhithéagsúlacht mar shampla.The drama Project Children at the Lyric Theatre, tells the story of the project that gave children from the north of Ireland the opportunity to spend a holiday in America for respite from the difficulties of life here. Francis Mezza reviews the production for us. With a new Marine National Park planned for County Kerry, biologist Jack O’Donovan Trá considers the possibilities this might afford, in relation to wildlife and biodiversity for instance.
5/10/202419 minutes, 1 second
Episode Artwork

Taobhlíne Tostach, Seachtain Mheabharshláinte na Máithreacha

Tá an cóitseálaí Michael Gerard Ó Dochartaigh linn le plé a dhéanamh ar an togra Silent Sideline de chuid CLG Uladh. Agus do Seachtain Mheabhairshláinte na Máithreacha, insíonn Maeve McAlister, a bhfuil triúr clainne aici, dúinn faoina taithí féin agus faoina thábhachtaí is atá sé aire a thabhairt do do mheabhairshláinte mar mháthair.In underage games, is silence from the sidelines golden? Coach Michael Gerard Ó Dochartaigh joins us to discuss the Silent Sideline initiative from Ulster GAA. For Maternal Mental Health Week, Maeve McAlister, mother of three, speaks of her own experience and how important it is to look after maternal mental health.
5/3/202415 minutes, 14 seconds
Episode Artwork

Turas Úr: Sliabh gCuillinn, Eascair.

Mar a deir an seanfhocal: an áit a bhfuil do chroí, is ann a thabharfas do chosa thú, agus is fíor sin go cinnte maidir le Proinsias Ó Coinn, a bhfuil tuairisc aige dúinn ó Shliabh gCuillinn, áit a ndeachaigh sé ag spaisteoireacht mar chuid den mhionsraith Turas Úr. Fosta, cluineann muid ó Dheirbhile Ní Chianáin, eagarthóir Gaeilge ar an iris úr litríochta, Eascair, faoin chéad eagrán a eisíodh le déanaí.As the proverb says: where your heart lies, your feet will take you, and this is certainly true of Proinsias Ó Coinn and his report from Slieve Gullion, where he took a hike as part of our occasional series, Turas Úr. We also hear from Deirbhile Keenan, the Irish language editor of a new literary magazine, Eascair, about their recently published first edition.
4/26/202421 minutes, 29 seconds
Episode Artwork

Lá Domhanda an Raidió Amaitéaraigh, Déagóirí faoi Strus, Skortaí

Do Lá Domhanda an Raidió Amaitéaraigh, labhraíonn Caoimhe le Storm Eaton-Kilgallen, léiritheoir raidió faoi oiliúint, agus le Conchúr Ó Faoláin, láithreoir Raidió na Life, faoi thábhacht an mheáin, go háirithe do chraoltóirí atá ag tosú amach ina ngairm. Cluineann muid moltaí an tsíciteiripeora Bronagh Starrs do dhéagóirí atá faoi strus agus aimsir na scrúdaithe ag teannadh linn. Tá feistis imreoirí Chamógaíochta faoi chabail fosta agus cinneadh déanta nach mbeidh cead ag imreoirí briste gairide a chaitheadh nuair is mian leo. Tá Rebecca Ní Dhonnaile agus Catríona Nic an tSaoir linn leis sin a phlé.For World Amateur Radio Day, Caoimhe chats to trainee radio producer Storm Eaton-Kilgallen and Raidió na Life presenter Conchúr Ó Faoláin about the medium’s importance - especially for broadcasters starting out on their careers. Psychotherapist Bronagh Starrs has advice on how best to support teenagers under stress as exam season approaches. Rebecca Ní Dhonnaile and Catríona Nic an tSaoir join us as Camogie players’ kit is under discussion, too as a decision has been made that players won’t be able to make their own decisions over wearing shorts or skorts.
4/19/202429 minutes, 7 seconds
Episode Artwork

Gearrscannán Le Chéile, Tionscnamh Imirce.

Is féidir dul siar anois ar bhóithrín na staire i mbailiúchán speisialta de litreacha lámhscríofa ó imircigh Éireannacha thar tréimhse 400 bliain, bailiúchán atá ar fáil ar líne in áis dar teideal Imirce, trí mhíorúilt na teicneolaíochta úire agus tríd scil agus díograis na mbailitheoirí. Agus tá siad ag lorg tuilleadh litreacha – go háirithe, litreacha as Gaeilge! Tá an tOllamh Breandán Mac Suibhne linn leis an scéal a mhíniú. Fosta, is iarscoláire Ghaelscoil Éadain Mhóir i nDoire í an stiúrthóir agus scríbhneoir óg, Róise Nic an Bheatha, a bhfuil a gearrscannán úr Le Chéile/Ri Chèile, i nGaeilge agus Gaeilge na hAlban, ag gnóthú spotaí i bhféilte scannán ó Toronto go hOileán Acla. Labhraíonn sí linn ó Albain, áit a bhfuil sí lonnaithe anois.A journey back in time, via a fascinating collection of handwritten letters from Irish immigrants over a period of 400 years, can now be enjoyed in an online resource named Imirce, made possible by the miracles of modern technology married with the skill and hard work of the collectors. And they are looking for more letters – especially letters in Irish! Professor Breandán Mac Suibhne joins us to explain the story. Róise Nic an Bheatha, who attended Gaelscoil Éadain Mhóir in Derry, has written and directed a new short film, in Irish and Scottish Gaelic, which is garnering spots in film festivals from Toronto to Achill Island. She speaks to us from Scotland, where she is now based.
4/12/202421 minutes, 22 seconds
Episode Artwork

Teach s'Againne

We listen to highlights from Teach s'Againne, a series produced by Triplevision Productions for BBC Gaeilge with support from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund, we hear parents’ experience of the various stages of raising their children
4/5/202425 minutes, 21 seconds
Episode Artwork

Inmheatróis, Oireachtas na Samhna agus Móragallamh le Caoimhín Ó Buachachalla

Labhraíonn Maeve McElduff faoina taithí féin leis an inmheatróis agus tá Oireachtas na Samhna ag teacht go Béal Feirste sa bhliain 2025 agus tá Jake Mac Siacais linn leis an nuacht a phlé. Suíonn Caoimhe Ní Chathail síos le Caoimhín Ó Buachalla, Éireannach a bhfuil an chuid is mó dá shaol caite i Meiriceá aige agus a d'fhoghlaim Gaeilge le linn na paindéime. Maeve McElduff speaks about her experience suffering from endometriosis and how it has impacted her life. Oireachtas na Samhna returns to Belfast in 2025 and Jake Mac Siacais joins us to discuss the good news. Caoimhe Ní Chathail sits down with Caoimhín Ó Buachalla, an Irish man who spent most of his life in the USA but learned Irish during the pandemic.
3/28/202439 minutes, 46 seconds
Episode Artwork

Tristan Rosenstock, Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge, Kayak Ó Thuaidh, Blas Ceoil 15

Labhraíonn Dáithí le Tristan Rosenstock ar a shaol agus a shaothar. Buaileann Caoimhe Chats le Kayleigh Trappe agus Aindriú de Paor, Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge. Pléann Tessa Fleming agus Irial Ó Ceallaigh a sraith úr theilifíse, Kayak Ó Thuaidh. Téann beirt laochra Blas Ceoil, Lynette Fay agus Caoimhe Ceol Ní Chathail, siar a bhóithrín na smaointe agus an clár anois cúig bliana déag ar an aer.Tristan Rosenstock chats to Dáithí about his life and work. Caoimhe Chats meets Seachtain na Gaeilge Ambassadors, Kayleigh Trappe and Aindriú de Paor. Tessa Fleming and Irial Ó Ceallaigh give us a flavour of their new TV series, Kayak Ó Thuaidh. And Blas Ceoil stalwarts Lynette Fay and Caoimhe Ceol Ní Chathail look back over their times at the helm as the show celebrates its 15th year.
3/8/202440 minutes, 15 seconds
Episode Artwork

Lá Pokémon, Dilchuimhne ar Chormac Mac an Ailín, Lá na nGalar Neamhchoitianta.

Ar Lá Domhanda Pokémon, tá gach eolas do Dháithí ag saineolaí agus móidín, Antaine Mac Aoidh. Fiche bliain ó cailleadh an laoch óg peile Cormac Mac an Ailín, labhraíonn a dheartháir Dónal le Fearghal ar Blas Ón Taobhlíne. Ar Lá na nGalar Neamhchoitianta, roinneann Máirín Ní Bheacháin, a bhfuil an riocht Moya Moya uirthi, a taithí féin le Niamh Nic Oistigín.On Pokémon Day, Dáithí chatted to superfan, Anthony McKee. dTwenty years after the passing of young Tyrone football legend, Cormac McAnallen, he’s remembered on Blas Ón Taobhlíne by his brother, Dónal. On Rare Disease Day, Máirín Ní Bheacháin, who is living with the condition, Moya Moya, shared her story with Niamh Costigan.
3/1/202429 minutes, 29 seconds
Episode Artwork

Aeracha Uladh, Saolta ’s Gaolta, Na Peirsigh, Athchóirithe Teilifíse idir Mhaith agus Olc.

LGBT+ GAA Club turns two, New series of Saolta ’s Gaolta, The Persians are coming, TV adaptation Ws and Ls.Labhraíonn Fearghal Mag Uiginn le Ciarán Mac Loughlann faoin chlub peile Aeracha Uladh. Pléann deartháireacha Séimí agus Colm Mac Aindreasa an tsraith úr de Saolta ’s Gaolta le Dáithí. Cluinimid ó Naoise Mac Cathmhaoil faoina ról úr sa léiriú, Na Perisigh. Agus amharcann Póilín Nic Géidigh agus Caoimhe Chats Ní Chathail ar chóirithe teilifíse.Ciarán Mac Loughlann on Aeracha Uladh, brothers Séimí agus Colm Mac Aindreasa on the new series of Saolta ’s Gaolta, Naoise Mac Cathmhaoil on his role in The Persians and Póilín Nic Géidigh and Caoimhe Chats Ní Chathail assess the wins and fails of TV adaptations.
2/23/202424 minutes, 27 seconds
Episode Artwork

Mórscéalta Nuachta 2023, Coirnéal Comhairleach na Nollag, Gael Linn ag 70.

Áine Ní Bhreisleáin, Gearóid Ó Muilleoir agus Ciarán Ó Pronntaigh ar na scéalta nuachta ba mhó a chuaigh i bhfeidhm orthu i mbliana, Coirnéal Comhairleach na Nollag agus Dónal O'Connor agus Réamonn Ó Ciaráin ar Gael Linn ag 70.Áine Ní Bhreisleáin, Gearóid Ó Muilleoir and Ciarán Ó Pronntaigh look back at the year’s biggest news stories. Advice from Caoimhe’s Christmas Agony Aunts. Dónal O’Connor and Réamonn Ó Ciaráin on Gael Linn at 70.
12/15/202322 minutes, 4 seconds
Episode Artwork

Thar Lear Am Nollag, Murphictiúr an Ardrí, Ceol ó Fergus Ó hÍr.

Ciara De Brún i gCeanada agus Shauna Ní Dhochartaigh sna Stáit Aontaithe ag caint ar an Nollaig a chaitheamh thar sáile den chéad uair. Daoine a bhí i láthair ag seoladh an mhurphictiúir in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí ag labhairt ar oidhreachta an Ardrí. Agus píosa cainte le Fergus Ó hÍr faoina albam úr Deep In My Heart.Ciara De Brún in Canada and Shauna Ní Dhochartaigh in the US ón spending Christmas away from home for the first time. Rónán Mac Aodha Bhuí mural unveiled in Belfast. And Fergus Ó hÍr on his new album, Deep In My Heart.
12/8/202321 minutes, 11 seconds
Episode Artwork

Comhdháil Aeráide na Náisiún Aontaithe, Cúrsaí Sacair, Movember.

Calum MacLaren ar chomhdháil bhliantúil aeráide na Náisiún Aontaithe. Seán Ó Conaill ar chúrsaí sacair. Seán Ó Maolchiaráin agus James Ó Flatharta ar Movember. Calum MacLaren on the annual UN Climate Change Conference, Seán Ó Conaill on all things soccer, and Seán Ó Maolchiaráin and James Ó Flatharta tell us about their Movember.
12/1/202323 minutes, 53 seconds
Episode Artwork

Overview

Labhraíonn Caoimhe Ceol Ní Chathail leis an cheoltóir Pádraigín Ní Uallacháin faoina halbam úr. Cluineann muid faoi thograí úra leis an Ghaeilge a chur chun cinn sa CLG. Pléann An tAthair Brian Ó Fearraigh deasghnácha fairí agus tórramh i ndiaidh gur foilsíodh staidéar úr ó Ollscoil Uladh a léiríonn go dtig le fairí traidisiúnta na hÉireann cuidiú le daoine deileáil níos fearr le cailliúint.
11/24/202322 minutes, 34 seconds
Episode Artwork

Caoimhe Ní Chathail

Labhraíonn Caoimhe Ceol Ní Chathail leis an cheoltóir agus cruitire Nodlaig Ní Bhrollaigh faoina halbam úr. Cluineann muid ó Iomain Cholmcille a thit amach i mBéal Feirste ag an deireadh seachtaine. Tugann an t-aisteoir agus láithreoir, Seosamh Mac Seoin, leargás dúinn ar an ghearrscannán úr a bhfuil sé ag obair air agus fosta insíonn sé dúinn go bhfuil siad sa tóir ar aisteoirí. Caoimhe Ceol Ní Chathail chats to singer and harpist Nodlaig Ní Bhrollaigh about her new album. We hear from the Iomain Cholmcille weekend in Belfast where Gaeil from Ireland and Scotland gathered to play a mixture of shinty and hurling. Actor & Presenter Seosamh Mac Seoin tells us about the actor call-out for the new Irish short film he is working on.
11/17/202323 minutes, 11 seconds
Episode Artwork

Angus Lambkin, Eoghan Ó Néill, Oireachtas na Samhna

Ar an eagrán seo tá Angus Lambkin, Gael de bhunadh Bhéal Feirste atá ag obair i rólanna éagsúla i ngóthaí daonnúla idirnáisiúnta leis na blianta, an t-iriseoir Eoghan Ó Néill, a bhain Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais i mbliana agus glórtha óga an Oireachtais le cloisteáil.
11/10/202319 minutes, 24 seconds
Episode Artwork

Cúán Mac Conghail, Cás Cúirte Stairiúil san Eoraip, Saol agus Saothar An Dr Art Hughes

Cúán Mac Conghail ar a thógáil le Gaeilge in Áth Cliath na seachtóidí agus na hochtóidí. I gcás eisiach agus stairiúil, tá seisear daoine óga de bhunadh na Portaingéile ag maíomh sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine gur sárú na gcearta daonna s’acu an easpa gnímh ó rialtais na hEorpa maidir le hathrú aeráide. Labhair Caoimhe Chats Ní Chathail le Gearóid Ó Cuinn, duine de na dlíodóirí a bhí ag tacú leo sa chás seo. Labhair an Dr Art Hughes le Máire Bhreathnach, léachtóir, scríbhneoir agus gníomhaí teanga, faoina shaol ag fás aníos i dtuaisceart Bhéal Feirste, faoi a bheith ag teagasc ag leibhéal ollscoile agus faoina shaothar, a chéad úrscéal san áireamh. Cúán Mac Conghail on his upbringing in the Irish language in the Dublin of the seventies and eighties and his Irish language heritage. Six young people from Portugal are taking an unprecedented and historic case to the European Court of Human Rights claiming that the inaction of European governments on climate change constitutes a violation of their human rights. Caoimhe Chats Ní Chathail talked to Gearóid Ó Cuinn, one of the lawyers supporting their action. Dr Art Hughes, lecturer, writer and language activist, discusses his life and work from growing up in north Belfast to the publication of his first novel.
10/11/202324 minutes, 3 seconds
Episode Artwork

Bliain Órga Dhoire, Breandán Ó Doibhlin, Céim Ollscoile do Thionchairí.

Súil siar 30 bliain Ón Taobhlíne go lá aislinge Dhoire nuair a bhain siad Corn Mhig Uidhir den chéad uair. Cuimhníonn Fionntán de Brún ar an Mhoinsíneoir Breandán Ó Doibhlin. Pléann Hugh Mac Giolla Cheara an saol ar líne agus céim ollscoile anois ann do thionchairí. A look back 30 years to Derry’s date with destiny when they raised the Sam Maguire for the first time. Fionntán de Brún remembers Monsignor Breandán Ó Doibhlin. Hugh Carr looks at life online and the University Degree for influencers.
9/29/202319 minutes, 29 seconds
Episode Artwork

Cuimhní ar Rónán Mac Aodha Bhuí, Mirrorball, Corn Ryder, Bog Amach.

Cuimhníonn Tomaí Rua Ó Conghaile agus painéal Mháire Bhreathnach ar laoch na craoltóireachta Gaeilge, Rónán Mac Aodha Bhuí. Tugann Seán Ó Baoill a léirmheas ar an cheoldráma, Mirrorball. Amharcann Aodhán Ó Baoill chun tosaigh chuig Corn Ryder. Agus labhraíonn Emer Mhic an Fhailí agus Emma Devlin ar an tsraith úr teilifíse BBC Gaeilge, Bog Amach. Rónán Mac Aodha Bhuí remembered. Seán Ó Baoill reviews Mirrorball. Aodhán Ó Baoill looks ahead to The Ryder Cup. Emer Mhic an Fhailí and Emma Devlin give the low-down on new BBC Gaeilge property series, Bog Amach.
9/22/202326 minutes, 45 seconds
Episode Artwork

Súil Siar ar 1998: CLG, Amharclannaíocht, Nuacht agus Faisean.

Agus Blas ag ceiliúradh 25 bliain ar an aer, amharcann muid siar ar an saol mar a bhí sa bhliain 1998. Máire Treasa Ní Cheallaigh ar bhua Uile-Éireann fhoireann peile na Gaillimhe. Bríd Ó Gallchóir, stiúrthóir Aisling Ghéar, ar chúrsaí amharclannaíochta le 25 bliain anuas. Gearóid Ó Muilleoir agus Máirín Ní Ghadhra ar na scéalta móra nuachta a bhris sa bhliain 1998. Moya Doogan agus Áine Ní Bhreisleáin le súil siar ar chúrsaí faisin.
9/15/202314 minutes, 58 seconds
Episode Artwork

Cúrsaí Sláinte, Éadaí SOS, Tonn Teasa Mara, Sceideal Samhraidh, Tradfest Bhéal Feirste.

Health matters, Éadaí SOS, Marine Heatwave, Summer Schedule and Belfast Tradfest.
6/30/202327 minutes, 54 seconds
Episode Artwork

Buntrealamh na Féile, Seachtain Sláinte na bhFear, Stair Pheil na mBan.

Buntrealamh na Féile le Tessa Fleming ó Féile na Gealaí, Eoghan Ó Loideáin agus Irial Ó Ceallaigh ar Seachtain Sláinte na bhFear, Hayley Kilgallon ar Stair Pheil na mBan. Festival Essentials with Tessa Fleming from Féile na Gealaí, Eoghan Ó Loideáin and Irial Ó Ceallaigh on Men’s Health Week, Hayley Kilgallon on the History of Ladies’ Football.
6/16/202330 minutes, 14 seconds
Episode Artwork

Isteach Chun na nOileán, LADTA+ sa Spórt, Comórtas Peile an Gaeltachta 2023.

Conán Glas, Aedín Ní Thiarnaigh agus Eóin Flaherty a bhog go hoileáin Ghaeltachta le déanaí. Robbie Irwin ar chúrsaí LADTA+ sa spórt. Damien Ó Dónaill ar Comórtas Peile an Gaeltachta 2023. Conán Glas, Aedín Ní Thiarnaigh and Eóin Flaherty who recently relocated to Gaeltacht Islands. Robbie Irwin on the issues facing the LGBT+ community in sport. Damien Ó Dónaill on Comórtas Peile an Gaeltachta, the Gaeltacht Football tournament.
6/14/202323 minutes, 46 seconds
Episode Artwork

Fionn Folklore, Carnabhal na nGaelscoileanna, Ciorruithe ó Thuaidh, 999 Faoi Oiliúint.

An Dr Pádraig Fhia Ó Mathúna dúinn ar an chartlann úr Fionn Folklore, ina bhfuil 3,500 de scéalta na Féinne tiomsaithe. Caoimhe Ceoil lena tuairisc faoin léirsiú in éadan na gciorruithe ó thuaidh i ag Halla na Cathrach Bhéal Feirste. Tessa Fleming ar cuairt chuig Carnabhal na nGaelscoileanna eagraithe ag Cumann na bhFiann. Labhraíonn Caoimhe Chats le Seán Ó Baoill agus Marty Ó Néill ar 999 Faoi Oiliúint Dr Pádraig Fhia Ó Mathúna discusses Fionn Folklore, a new database collating 3500 stories from the Fenian cycle. Caoimhe Ceoil reports from a demonstration against the cuts at Belfast City Hall. Tessa Fleming visits Carnabhal na nGaelscoileanna. And Caoimhe Chats talks to Seán Ó Baoill and Marty Ó Néill about the new TV series, 999 Faoi Oiliúint
6/2/202329 minutes, 52 seconds
Episode Artwork

Féile na gCloigíní Gorma, Litreacha, Ómós do Risteard Mac Gabhann,

Cluineann muid tuairisc ó Féile na gCloigíní Gorma, féile pobail a dhéanann nasc idir an dúlra agus cúrsaí meabhairshláinte.Téann Tomaí Ó Conghaile i mbun pinn le litir a scríobh ar ais chuige féin agus é sna déaga arís. Déanann Mary Delargy ómós do Risteard Mac Gabhann, amhránaí, scríbhneoir agus léachtóir a fuair bás le déanaí. We hear a report from Féile na gCloigíní Gorma, a community festival that connects nature and mental health. Tomaí Ó Conghaile writes to his teenage self. Mary Delargy pays tribute to singer, writer and lecturer Risteard Mac Gabhann, who died recently.
5/19/202319 minutes, 55 seconds
Episode Artwork

Ceol na Sióg, Eoraifís 1994, Intleacht Shaorga.

Déanann Gráinne Holland ceiliúradh ar aimsir na Bealtaine le Ceol na Sióg. Súil siar le Cynthia Ní Mhurchú ar chomórtas Eoraifíse na bliana 1994 i mBaile Átha Cliath. Amharclann Niamh Nic Oistigín ar na forbairtí is déanaí i ndomhan na hintleachta saorga. Gráinne Holland celebrates Maytime with Ceol na Sióg. Cynthia Ní Mhurchú looks back on the 1994 Eurovision Song Contest in Dublin. Niamh Nic Oistigín looks at the latest developments in AI.
5/12/202321 minutes, 27 seconds
Episode Artwork

Cairde Khmer, Feirmeoireacht Shéasúrach, Ghéarchéim na Súdáine.

Tugann Ruadhán Ó Deasmhúnaigh léargas ar aistear peile Cairde Khmer, club CLG sa Chambóid. Séaghan Ó Súilleabháin ar fheirmeoireacht an t-am seo bliana. Labhraíonn Angus Lambkin, oibrí daonnúil a bhfuil cur amach aige ar an réigiún, faoi ghéarchéim na Súdáine. Ruadhán Ó Deasmhúnaigh gives an insight into the footballing journey of Cairde Khmer, a GAA club in Cambodia. Séaghan Ó Súilleabháin on farming at this time of year. Angus Lambkin, a humanitarian worker with knowledge of the region, talks us through the crisis in Sudan.
5/5/202331 minutes, 48 seconds
Episode Artwork

An Ghaeilge sa Scolaíocht Lán-Bhéarla. Eachtraí Drámaíochta Ghaelscoil Éadain Mhóir. Grindr, Saghdar agus Cher.

Cad é mar atá ag éirí le teagasc na Gaeilge in iar-bhunscoileanna lán-Bhéarla ó Thuaidh? Tá tuarascáil úr foilsithe ag Dessie Tennyson agus labhraíonn sé le Dáithí faoin mhéid atá ann. Tá Rang 7 i nGaelscoil Éadain Mhóir as cathair Dhoire in iomaíocht san fhéile Scoildrámaíochta. Cluinimid ón Mhúinteoir Ranga, Alicia Ó Catháin, agus ó chuid de na haisteoirí iad féin. Agus pléann Ciara Ní É, stiúrthóir agus file, dráma leis an ghrúpa ealaíne AerachAiteachGhaelach: Grindr, Saghdar agus Cher. How is the teaching of Irish language going in English-medium post-primary schools in Northern Ireland? Dessie Tennyson has just published a report on this and he talks to Dáithí about his findings. P7 in Derry’s Gaelscoil Éadain Mhóir are competing this week in the national schools’ drama festival. We hear from their teacher Alicia Ó Catháin and from some of the young actors themselves. And poet and director Ciara Ní É discusses the play from art group AerachAiteachGaelach: Grindr, Cider and Cher.
4/28/202327 minutes, 36 seconds
Episode Artwork

Lá Náisiúnta na gColúnaithe, Triomach sa Chatalóin, Saol Ella.

Seán Ó Dubhchon, colúnaí agus craoltóir, ar Lá Náisiúnta na gColúnaithe agus tábhacht na gcolún. Cathal Ó Cuaig sa Chatalóin ar thriomach fadtéarmach leithinis na hIbéire agus an ceangal atáthar á dhéanamh le hathrú aeráide. Siobhán Ní Ghadhra agus an t-aisteoir óg Ciara Cox ar an tsraith drámaíochta úr dírithe ar dhéagóirí ag fás aníos sa Ghaeltacht, Saol Ella. Seán Ó Dubhchon, columnist and broadcaster, on National Columnists' Day. Cathal Ó Cuaig from Catalonia on the long-term drought conditions prevailing across the Iberian peninsula. Siobhán Ní Ghadhra and young actress Ciara Cox on the new drama aimed at teenagers growing up in the Gaeltacht, Saol Ella.
4/21/202319 minutes, 55 seconds
Episode Artwork

Comhaontú Aoine an Chéasta, Assume Nothing – The Shankill Goldrush, Tionscadal Logainmneacha Uladh, Derry Boys.

Póilín Ní Chiaráin, Ian Malcolm agus Cathal Mac Coille ar Comhaontú Aoine an Chéasta, Sarah Nic Loinsigh ar a sraith úr Assume Nothing – The Shankill Goldrush, Naoise Mac Chathmhaoil ar a ról úr le Tionscadal Logainmneacha Uladh, Proinsias Ó Coinn ar a chlár úr Derry Boys. GFA at 25, Sarah McGlinchey on Assume Nothing – The Shankill Goldrush, Naoise Mac Chathmhaoil on his new role at e Northern Ireland Place-Name Project.
4/5/202320 minutes, 12 seconds
Episode Artwork

Boris Johnson Ceistithe, Snámhaí Buacach Árainn Mhór, An Coirnéal Comhairleach

Johnson faces Privileges Committee, WOWSA Man Of The Year, Blas Advice Corner.
3/24/202328 minutes, 38 seconds
Episode Artwork

An Nead, Gaelscoil na mBeann, Cuairt Biden, Gradaim Uachtaráin CLG

Buaileann Dáithí isteach ar An Nead, tearmann speisialta i gcroílár Choláiste Feirste. Tugann Blas cuairt ar Ghaelscoil na mBeann. Agus é fógartha ag Uachtarán na Stáit Aontaithe Joe Biden go mbeidh sé ag teacht anseo do chomóradh 25 bliain chomhaontú Aoine an Chéasta, cluinimid ó Chiarán Ó Pronntiagh. Agus labhraíonn Fearghal le beirt a bhain Gradam Uachtaráin CLG. Dáithí pops into An Nead, a special sanctuary in the heart of Coláiste Feirste. Blas visits Gaelscoil na mBeann. as US President Joe Biden has announced he will be coming here for the 25th anniversary of the Good Friday Agreement, we hear from Ciarán Ó Pronntaigh. And Fearghal chats to two recipients of GAA President's Awards.
3/18/202322 minutes, 26 seconds
Episode Artwork

Celtic Kweens #4: Aoife (Clann Lir)

An féidir aighneas teaghlaigh a réiteach nuair a thiocfaidh Aoife i láthair a leasiníne Fionnuala? Scéal 900 bliain inar léir nach n-aithníonn ealaí, gan trácht ar chiaróga, a chéile. An ceann nuair a fhaigheann Clann Lir amach nach dtagann ciall le haois, fiú 900 bliain d’aois! Can a family feud be settled when Aoife is finally confronted by her stepdaughter, Fionnuala? The one where Clann Lir find out that wisdom doesn't come with age, even 900 years of age! Comhlacht léiriúcháin/Production: Company Moondog Productions do BBC Gaeilge Scríbhneoir/Writer: Julie Jay Aisteoirí/Actors: Nuala Ní Néill, Tony Devlin ┐Diona Doherty.
3/8/20219 minutes, 26 seconds
Episode Artwork

Celtic Kweens #3: Úna Ní Chearnaigh

Feicimid Úna Ní Chearnaigh gan d'arm aici ach clóscríobhán agus í ag teacht ar an tuiscint go bhféadfaí saibhreas a dhéanamh as Forógra an Phiarsaigh agus í i bhfolach in Ard-Oifig an Phoist in 1916. We join Real War Wife Úna as she and the men of 1916 take over the GPO in Dublin. Armed with nothing more than a typewriter Úna’s task is to take notes and write the diary. However, she sees the money spinning potential of Pádraig Pearse's Proclamation. An ceann nuair a fhaigheann Una Ní Chearnaigh amach gur treise an clóscríobhan ná an claíomh. The one where Winifred Carney finds out that the typewriter is mightier than the sword. Comhlacht léiriúcháin/Production: Company Moondog Productions do BBC Gaeilge Scríbhneoir/Writer: Julie Jay Aisteoirí/Actors: Nuala Ní Néill,Tony Devlin ┐Francis Mezza
3/8/20219 minutes, 49 seconds
Episode Artwork

Celtic Kweens #2: Maud Gonne

Glacann Maud páirt i seó Jerry McSpringer le bualadh leis an fhear a bhfuil nóisean aige di ach is mór an díoma di nuair a a fhaigheann sí amach cé atá i gceist. An ceann nuair nach bhfuil aon leigheas ar an ghrá ach pósadh, nó an t-óipiam, dar le Maud Gonne. Maud takes part in the Jerry McSpringer show to meet the man who has a notion of her but she's very disappointed when she finds out who it is. The one where Maud Gonne suggests that the only cure for love is marriage, or opium! Comhlacht léiriúcháin/Production: Company Moondog Productions do BBC Gaeilge Scríbhneoir/Writer: Julie Jay Aisteoirí/Actors: Diona Doherty, Tony Devlin, Francis Mezza ┐Nuala Ní Néill
3/8/202111 minutes, 47 seconds
Episode Artwork

Celtic Kweens #1: Gráinne Ní Mháille

Caithfidh Banríon na bhFoghlaithe Mara, Gráinne Mhaol (Gráinne Ní Mháille) feidhm a bhaint as cumhachtaí uile na meán sóisialta nuair a ordaítear di dul os comhair na Banríona Eilís lena cuid éachtaí i gCúige Chonnacht a chosaint. An ceann nuair is léir do Ghráinne Ní Mháille nach bhfuil ní níos géire ná teanga mná - go háirithe nuair is bean rua í! The Pirate Queen, Gráinne Ní Mháille (Grace O'Malley) has to use all the power of social media when she is summoned to the court of Queen Elizabeth I to account for her activities in the Province of Connacht. the one where Gráinne Ní Mháille realises there's nothing sharper than a woman's tongue, especially when she's a redhead! Comhlacht léiriúcháin/Production: Company Moondog Productions do BBC Gaeilge Scríbhneoir/Writer: Julie Jay Aisteoirí/Actors: Diona Doherty, Nuala Ní Néill ┐Tony Devlin.
3/8/20219 minutes, 25 seconds
Episode Artwork

Cothú lucht na n-ealaíon

Labhraíonn Caoimhe Chats Ní Chathail le triúr atá ag déanamh a mbealach féin sna healaíona in Éirinn, an damhsóir Sibéal Davitt, an t-aisteoir Eoin Ó Dubhghaill agus an ceoltóir Daithí Ó Dronaí. Dancer Sibéal Davitt, actor Eoin Ó Dubhghaill and musician Daithí Ó Dronaí talk to Caoimhe Chats Ní Chathail about making their way in the world of the arts.
6/19/202046 minutes, 18 seconds