Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
An dochtúir Teaghlaigh Tony Delap .
Le Comhairle leighis don phobal. Inniu bhí sé ag caint ar na contúirtí atá le brú fola ard. Mhol sé do achan nduine os cionn 50 é a fháil seiceáilte gach bliain.
5/9/2024 • 10 minutes, 10 seconds
Frances Nic Géadaigh ó Sheomra na Nuachta.
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
5/9/2024 • 5 minutes, 20 seconds
Ronan Galvin - Fidléir agus agus ball de choiste eagraithe Ceol na gCruach.
Ag cur síos ar Fhéile Ceol na gCruach, fhéile ceoil traidisiúnta a bheas ar siúl an deireadh seachtaine seo i nGleann na nGleanntach.
5/9/2024 • 11 minutes, 16 seconds
Na Tráchtairí Spóirt, Caoimhín Ó Casaide, Fergal Mag Uiginn, Caoimhín Ó Beagáin
Ag cur síos ar an Cluiche Ceannais a bheas ar siúl an deireadh seachtaine seo idir Dhún na nGall agus Ard Mhacha.
5/9/2024 • 10 minutes, 37 seconds
Hannah Nic Pháidín Ceoltóir óg as Ghaoth Dobhair
Tá an Comhlacht 84 productions ag déanamh taifead faoi láthair ar an Cheoltóir Hannah Nic Pháidín mar pháirt den "an Gig mhór". Comhra le Hannah agus an t-amhrán Céad Slán Leis An Oileán.
5/9/2024 • 9 minutes, 21 seconds
Maighréad Uí Annluain ó Sheomra na Nuachta.
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
5/8/2024 • 4 minutes, 28 seconds
Comhordaitheoir Pleanála Teanga Líonra Leitir Canainn Bairbre Uí Chathail.
Ag cur síos ar Lá Spraoi Teaghlaigh atá a eagrú ag Líonra Leitir Ceanainn i mBaiel Leitir Ceanainn Dé Sathairn seo.
5/8/2024 • 5 minutes, 56 seconds
Marjorie Uí Chearúil. Bainisteoir Comharchumann Oileán Thóraí agus ball de choiste meastóireachta Leader.
Cuireadh tús le sraith cruinnithe ar aréir le heolas a thabhairt don phobal fán chlár úr Leader, ag caint fosta faoin gha atá le hotharcharr d’Oileán Thoraí agus scéalta eile.
5/8/2024 • 9 minutes, 57 seconds
Rachel Akkoc as Leitir Ceanainn.
Tá Rachel i Malmo na Sualainne agus í ag ceiliúradh inniu i ndiaidh dó Bambie Thug áit a bhaint amach sna babhtaí ceannais den Chomórtas Eurofíse aréir, bhí Rachel i láthair aréir ag an babhta leath cheannais agus beidh arís san oíche amárach.
5/8/2024 • 5 minutes, 3 seconds
Frances Nic Aoidh, múinteoir i Scoil Mhuire, Baile na nGallóglach.
Áit a bhfuil feachtas ar bun ag scoil náisiúnta an bhaile, Scoil Mhuire, feachtas le scoil úr a fháil. Tá an scéal is deireanaí ag Frances dúinn.
5/8/2024 • 7 minutes, 22 seconds
Máire Ní Ghairbhigh ó Chóiste Eagraithe Deireadh Sechtaine Oidhreachta Thullacha Beaglaoich.
Máire Ní Ghearbheith ón Chóiste Eagraithe Deireadh Sechtaine Oidhreachta Thullacha Beaglaoich.
5/3/2024 • 3 minutes, 26 seconds
Conor Ó Gallchóir ó CLG Chloich Cheann Fhaola.
Ag tabhairt eolais faoi na socruithe do na cluichí ceannais Contae de Chomórtas Peile na Gaeltachta a bheas ar siúl an deireadh seachtaine seo ar an Fhál Carrach.
5/3/2024 • 5 minutes, 3 seconds
Deirdre Ní Bhraonáin, Garraíodóir Chluain na dTor.
Mír rialta faoi chúrsaí garraíodóireachta agus nádúr le Deirdre ag tabhairt eolais dár n-éisteoirí agus ag freagairt ceisteanna ón phobal.
5/3/2024 • 10 minutes, 14 seconds
Mary Aggie, as an Pholl Dóite, Rann na Feirste.
Tá Mary Aggie ar shiúl gan dóigh inniu agus í ag aithris ar éanacha. Bhféidir gur an ghrian atá ag cur isteach uirthi.
5/3/2024 • 6 minutes, 58 seconds
Barrscéalta, clár iomlan, 03/05/2024
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Dónall Mac Ruairí,
5/3/2024 • 53 minutes, 17 seconds
An scríbhneoir Róise Ní Bhaoill agus Eoghan Mac Giolla Bhríde ón chomhlacht foilsitheoireachta Éabhlóid.
Dhéanfar an leabhar úr filíochta ‘Idir an Dá Fhearsaid’ le Róise Ní Bhaoill agus mhórscríbhneoir as RNF Seosamh Mac Grianna nuair a dhéanfaidh Eoghan Mac Giolla Bhríde as an chomhlacht foilsitheoireachta Éabhlóid eagrán úr den leabhar An Grá agus an Ghruaim a sheoladh san oíche amárach in Áislann Rann na Feirste.
5/3/2024 • 21 minutes, 33 seconds
Barrscéalta, clár iomlán, 02/05/2024
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Dónall ma Ruairí.
5/2/2024 • 55 minutes, 57 seconds
Eileen Magnier atá ag éirí as a post le RTÉ mar chomhfhreagraí nuachta inniu.
Ag cur síos ar a saol oibre agus ar na scéalta mór a chlúdaigh sí mar phríomh iriseoir RTÉ i réigiún an Iar Thuaiscirt ó bhí 1985 ann.
5/2/2024 • 9 minutes, 49 seconds
An Dr Teaghlaigh Tony Delap.
Mír rialta leis an Dr Delap ag tabhairt comhairle agus eolas faoi chúrsaí sláinte agus leighis.
5/2/2024 • 16 minutes, 39 seconds
Josephine Uí Cheallaigh, Oifigeach Tionscadail ar Thogra an Earagail.
Tá scéim píolóideach le toiseacht i nDún Lúiche le aghaidh a thabhairt ar an fadhb leis an Rhododendron ag spréadh sa cheantar.
5/2/2024 • 6 minutes, 51 seconds
Jaff Mac Seafraidh Cathaoirleach Choiste Stiúrtha Ghaelscoil Iarthar Bhéal Feirste, Gaelscoil na Seolta.
Ag plé an borradh atá tagtha ar an Ghael Oideachas sna Sé Contae agus an gá atá le meán scolaíocht lán Ghaeilge anois le freastal ar an éileamh atá ann.
5/2/2024 • 8 minutes, 7 seconds
Mairéad Ní Mhaoilchiaráin ó Sheomra na Nuachta.
Le scéalta móra Nuachta an lae an lae ón taobh seo tíre.
5/2/2024 • 5 minutes, 44 seconds
Frances Nic Géadigh ó seomra na Nuachta.
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
5/1/2024 • 5 minutes, 11 seconds
An Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh.
Ag labhairt faoin scéal tragóideach bainteach le bealach an A5, beirt dhéagóir marbh i dtaisme bóthar in aice leis an Ómaigh, fear óg 19, girseach óg 17.
5/1/2024 • 9 minutes, 24 seconds
An Garad Martina Venneman.
Mír rialta le ball den Gharda Síochána go háitiúil le heolas agus comhairle don phobal agus cur síos ar eachtraigh a tharla sa chondae le seachtain anuas.
5/1/2024 • 12 minutes, 13 seconds
Keith Ó Fearraigh múinteoir, Áine Ní Fhearraigh, Pádraig Mac Suibhne agus Muireann Haicéid, dáltaí as Pobalscoil Ghaoth Dobhair.
Tá Keith agus na dáltaí as Pobalscoil Ghaoth Dobhair i ndiaidh pilleadh ó Dallas i Texas Mheiriceá áit a raibh siad páirteach i gcomórtas domhanda VEX Robotics. Tá siad ag labhairt ar an am a bhí acu thall. D’éirigh thar barr leo sna babhtaí réigiúnacha agus i craobh na hÉireann lena n-áit a bhaint amach i gCraobh an Domhain.
5/1/2024 • 10 minutes, 16 seconds
Caoimhín Ó Casaide iar imreoir contae Dhún na nGall & Paddy Mc Bride imreoir le hAontroim.
Rinneadh tarraingt inné maidir leis an chéad bhabhta eile de Chorn Sam Mhic Uidhir i ndiaidh dona craobhacha cúige a bheith imriste agus rinneadh an tarraingt faoi choinne Chorn Táiltean inné fosta agus tá siad ag labhairt ar an tarraingt iomlán anois ar an chlár.
5/1/2024 • 10 minutes, 49 seconds
Barrscéalta, clár iomlán, 01/025/2024
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Dónall Mac Ruairí.
5/1/2024 • 56 minutes, 31 seconds
Mary Aggie as an Pholl Dóite, Rann na Feirste.
Mír grinn na hAoine le Mary Aggie agus í lán fuinnimh mar is gnáth.
4/26/2024 • 5 minutes, 11 seconds
Noel Ó Gallchóir le Louise Mhic Giolla Chearra, Danann Ó hIcí, Ódhrán Mac Giollanárth, Seanan Mac Pháidín agus Béibhinn Nic Giolla Chearra.
Noel ag labhairt ar an Fheile Náisiúnta Scoildhramaíochta 2024. Louise agus na páist í as Scoil Chnoc na Naomh, a bhain cúig dhuais ag an Fhéile leis an Drama Mac Tíre na Draíochta, ag labhairt ar an chraic a bhí acu agus an bród atá orthu gur bhain siad scothléiriú na féile agus duaiseanna eile.
4/26/2024 • 22 minutes, 17 seconds
Josephine Ní Ghallchóir Hajjaj as Doire Chonaire ó dhúchas.
Bean as an cheantar atá pósta ar Mhiondar, fear as an Phalaistín, agus cónaí orthu anois i Leitir Ceanainn. Tá feachtas bailiúcháin airgid ar bun ag Josephine agus ag Miondar anois chun tacú leis an teaghlach sa Phalaistín.
4/19/2024 • 11 minutes, 45 seconds
An poitigéir Tomas Ó Muireadaigh.
An mbeidh ceimiceoirí in ann drugaí faoi leith a dháileadh ar othair gan cuairt a thabhairt ar a ndochtúirí teaghlaigh roimh ré faoi mholadh úr a bheas ag gabhail ós comhair an Rialtais.
4/17/2024 • 9 minutes
Christpher Mac Suibhne as Gaoth Dobhair agus Ciarán Mac Eachmharcaigh as Rann na Feirste a bhfuil cónaí orthu beirt i Dubai.
Thit an méid fearthainne agus a thitfeadh i mbliain iomlán i Dubai inné taobh istigh de cheithre huaire fichead. Bhí tuillte ar fud na háite, bhí daoine sáinnithe i gcarranna, bhí deacrachtaí móra san aerfort agus is cinnte gur eachtra as an ghnáth a bhí ins an mhéid a tharla inné.
4/17/2024 • 14 minutes, 20 seconds
Barrscéalta - Clár iomlan - 17/04/2024.
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Dónall Mac Ruairí.
4/17/2024 • 57 minutes, 51 seconds
Mairéad Ní Mhaoilchiaráin ó Sheomra na Nuachta.
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
4/17/2024 • 7 minutes, 17 seconds
An Ceantálaí Éamonn Mac Giolla Bhríde.
Chur taighde a d’fhoilsigh Comhairle Náisiúnta na nÓg inné i gComhar le IPSOS in iúl gurb é costas maireachtála agus tithíocht na hábhar is mó atá ina n-ábhair bhuartha do dhaoine idir 18 agus 29, cén tuairim atá ag Éamonn?
4/17/2024 • 12 minutes, 36 seconds
Iar mhéara bhaile Leitir Ceanainn, An Comhairleoir Dónall Mac Giolla Chomhaill
Tá cead pléanála anois faighte do champas Spórt d’Ollscoil an Atlantaigh i Leitir Ceanainn, tá na sonraí uilig ag Dónall.
4/17/2024 • 7 minutes, 30 seconds
Carol Uí Bhiataigh, Teiripeoir Súgartha.
Eolas ar ócaid atá a eagrú aici in Óstán Loch Altan anocht. Pléifear na buntáistí a bhaineann le Teiripe Shúgartha ar an oíche.
4/16/2024 • 9 minutes, 24 seconds
Barrscéalta - Clár iomlán - 16/04/2024.
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Dónall Mac Ruairí.
4/16/2024 • 58 minutes, 16 seconds
Brian Danny Minnie Ó Domhnaill, úinéir Theach Danny Minnie in Anagaire.
Tá Brian istigh ag labhairt faoi’n ghradam “Laoch Bia Áitiúil” a bhronn an eagraíocht ‘Gradaim Bialainne na hÉireann’ air, ag babhtaí Uladh den chomórtas ar na mallaibh mar gheall ar an mhéid a dhéanann sé chun tacú le bia agus le tairgí áitiúla.
4/16/2024 • 23 minutes, 42 seconds
Maighréad Uí Annluain, seomra na nuachta.
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
4/16/2024 • 4 minutes, 20 seconds
An Sáirsint John Joe Mac Laifeartaigh.
Mír rialta le ball den Gharda Síochána go háitiúil le heolas agus comhairle don phobal agus cur síos ar eachtraigh a tharla sa chondae le seachtain anuas.
4/16/2024 • 8 minutes, 34 seconds
Caitríona Uí Cheallaigh agus Barney Ó Gallchóir, baill dé Choiste Eagraithe Céiliúradh Phobail Cloich Cheann Fhaola.
Bhéarfar aitheantas oifigiúil dona grúpaí deonacha ar fad atá ag feidhmiú i bparóiste Chloich Cheann Fhaola ag ócáid in Ostán Loch Altan oíche Aoine.
4/16/2024 • 8 minutes, 35 seconds
Mary Aggie as an Pholl Dóite, Rann na Feirste.
Mír na hAoine le Mary Aggie, greann agus gáire.
4/12/2024 • 7 minutes, 31 seconds
Deirdre Ní Bhraonáin, Garraíodóir Cluain na dTor.
Mír rialta ag cur síos ar cursaí dúlra, nadúr agus bith-éagsúlacht agus an t-Éarrach linn.
4/5/2024 • 11 minutes, 38 seconds
Máire Ní Bhraonáin, ceoltóir aitheanta le Clannad.
Bronnfar Pearsa Thír Chonaill ar Mháire san oíche amárach an 6ú Aibreán in Óstán an Bonnington i mBaile Átha Cliath. Píosaí ceoil agus comhra le Máire ón chartlann.
4/5/2024 • 4 minutes, 58 seconds
Finghin Mac A Bhaird, Leas Chathaoirleach Chumann Thír Chonaill i mBaile Átha Cliath.
Ag cur síos na socraithhe uilig atá déanta don oíche amárach fá choinne ócáid bhronnta Pearsa na Bliana, Máire Ní Bhraonáin.
4/5/2024 • 7 minutes, 34 seconds
David Mac Thaidhg, Bainisteoir an Bhotha agus iar choitsealaí ar fhoireann Mhuineachán.
Ag labhairt ar Chraobh Peile Uladh agus Muineachán ag tabhairt aighaidh ar An Chabhán Dé Domhnaigh.
4/5/2024 • 3 minutes, 1 second
Andy Caomhánach, Fear na Ríomhairí.
Mír ríomhaireachta agus teicneolaíochta na seachtaine ag tabhairt eolais agus comhairle don phobal.
4/5/2024 • 8 minutes, 31 seconds
Mary Aggie as an Pholl Dóite, Rann na Feirste.
Mír rialta grinn le Mary Aggie le tús a chur leis an deireadh seachtaine.
Tá súil ag Comharchumann Oileán Árainn Mhór go gcuirfear tús leis an obair thógála go luath ar an ghárradh poiblí atá le tógáil ar an chladach ar an oileán.
4/4/2024 • 5 minutes, 14 seconds
Fear na n-éan, Maidhc Mac Fhloinn.
Mír rialta faoi éin agus ag cur síos inniu ar éin atá díofa agus na hiarrachtaí atá ar bun éin dhúchasacha a thabhairt ar ais na tíre agus ag cur síos ar mar a bhí an Cháisc ar Oileán Árainn Mhór.
4/4/2024 • 15 minutes, 19 seconds
Barrscéalta, clár iomlán, 04/04/2024.
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga.
4/4/2024 • 56 minutes, 51 seconds
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap ó Íoclanna Dochtúra an Bhun Bhig.
Mír rialta leis an Dr Delap faoi chúrsaí leighis agus sláinte agus ag tabhairt comhairle agus eolas don phobal.
4/4/2024 • 11 minutes, 5 seconds
Macdara Hosty, Comhairleoir Gnó atá ag stiúradh an togra le Plean Comhtháite a chur ar bun do pharóiste Ghaoth Dobhair.
Bhí cruinniú poiblí sa Chrannóg i nGaoth Dobhair aréir mar chuid dona hiarrachtaí atá ar bun Plean Comhtháite a chur ar bun do pharóiste Ghaoth Dobhair. Lorgaíodh smaointí agus tuairimí an phobail maidir le forbairt eacnamaíoch, shóisialta, agus chultúrtha an cheantair ag an chruinniú aréir.
4/4/2024 • 8 minutes, 48 seconds
Rónán Ó Dochartaigh, Feidhmeannach Margaíochta Oideas Gael.
Beidh siúlóid treoraithe trí lá ar Shlí Cholmcille ar siúl i dTír Chonaill i mí Mheitheamh. Beidh an siúlóid ag díriú ar oileán Thoraigh, Gleann Cholm Cille agus ar Ghartán, agus beidh sé ar siúl ón 7ú lá go dtí’n 9ú lá de mhí Mheitheamh.
4/4/2024 • 7 minutes, 6 seconds
Caoimhe Ní Chonchoile ó Sheomra na Nuachta.
Le scéalta móra Nuachta an lae ón taobh seo tíre.
4/4/2024 • 5 minutes, 9 seconds
Mary Aggie as An Pholl Dóite, Rann Na Feirste.
Bhí Mary Aggie linn arís inniu lena cuid smaointe faoin charghas, faoin Cháisc agus faoi go leor eile.
3/29/2024 • 5 minutes, 19 seconds
Mary Aggaie as an Pholl Dóite, Rann na Feirste.
Rinne Mary Aggie an 'mhuc' inniu ar an chlár!!! Idir Leo, cairde úra ar Facebook, cóisir nochta inscne agus oink oink!! Éist siar leis an chraic uilig ar an nasc thíos
3/22/2024 • 6 minutes, 59 seconds
Mary Aggie, as an Pholl Dóite, Rann na Feirste.
Níl ach rud amháin ag cur buaireamh ar Mhary Aggie inniu agus sin na rásaí capaill i Chelentham. Cur síos iontach aici ar cheann de na rásaí an lae inné.
3/15/2024 • 7 minutes, 18 seconds
Mary Aggie, as an Pholl Dóite, Rann na Feirste.
Mír grinn na hAoine le Mary Aggie.
3/8/2024 • 6 minutes, 48 seconds
Michelle Uí Chatháin agus Gearóid Mac Dómhnaill.
Tá grúpa úr feachtasaíochta bunaithe ar an Chabrach i gContae Thír Eoghain áit an bhfuil an pobal thar a bheith míshásta faoi bholadh bréan láidir a deir siad atá ag teacht ó mhonarcha beacán nó muisiriún sa cheantar agus atá ag cur isteach ar an phobal.
3/7/2024 • 15 minutes, 27 seconds
Mary Aggie as an Pholl Dóite, Rann na Feirste.
Cait, Madaidh, agus Air Fryers - an teach chóir a bheith dóite ag Mary Aggie, bhí na scéalta uilig aici inniu.
2/23/2024 • 6 minutes, 25 seconds
Danny Mac Eachmharcaigh, Stiúrthóir Scannáin as Contae Dhún na nGall.
Ag cur síos an scannán “The Line” a bheas le feiceáil don chéad uair sa lighthouse cinema i mBaile Átha Cliath, an chéad scannán a stiúraigh sé féin.
2/22/2024 • 6 minutes, 46 seconds
Elaine Ní Fhríghil, as Dobhair, Gaoth Dobhair.
Tá go leor ban a mbíonn an mhian iontu leanbh a bheith acu! Ach cad é a dhéanann tú nuair nach gcastar pairtnéir ort agus nuair nach bhfuil an modh traidisiúnta ag obair duit?? Chuaigh Elaine a bealach féin le bheith ina Mamaí agus bhí sí linn inniu.
2/21/2024 • 24 minutes, 53 seconds
Mary Aggie as an Pholl Dóite, Rann na Feirste.
Comhrá na hAoine le Mary Aggie, ag caint inniu ar Rann na Feirste, an baile is rómánsúil i gContae Dhún na nGall, Lá Fhéile Vailintín agus go leor eile.
2/16/2024 • 8 minutes, 17 seconds
Mary Aggie, as an Pholl Dóite, Rann na Feirste.
Bhí na Yanks ar cuairt ar Mhary Aggie an tseachtain seo, bhain sí sult as a cuid amá leo, ach bhí a sáigh le rá aici faoin chuairt chéanna.
2/9/2024 • 9 minutes, 15 seconds
Mairéad Ní Mhaoilchiaráin ó sheomra na nuachta.
Le scéalta móra an lae ón taobh seo tire.
2/7/2024 • 4 minutes, 31 seconds
Joseph Mac Aodh agus Caitriona Nic a’tSaoir láithreoirí úra ar chláracha atá le feiceail ar TG4.
Tá Joseph tosaithe ina ról úr le clár nuacht Cúla 4 agus beidh Caitríona le feiceail gan mhoill mar láithreoir aimsire agus leanúnathais.
2/7/2024 • 16 minutes, 34 seconds
Dinny Mac Fhionghaile, Iar Theachta Dála Fine Gael in nDún na nGall.
Bhris an scéala agus muid go díreach ag gabháil ar an aer inné go raibh an tIar Thaoiseach John Bruton imithe ar shlí na fírinne.
2/7/2024 • 11 minutes, 38 seconds
Barrscéalta, clár iomlan, 07/02/2024.
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga a chur i láthair ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Dónall Mac Ruairí.
2/7/2024 • 57 minutes, 21 seconds
Seán Mac Eamharcaigh, ball foirne de bád tarrthála oileain Árainn Mhór.
Ag cur síos ar eachtrach tarrthála ina raibh bád tarrthála Árainn Mhór páirteach agus a ghlac os coinn sé uaire agus fiche ina iomlaine.
2/7/2024 • 5 minutes, 25 seconds
Beulah Croker, bainisteoir Ionad Cois Locha, Dún Luiche.
Tá Ionad Cois Locha ag lorg Oifigeach Turasoireachta, tá Beulah istigh ag tabhairt eolas faoi.
2/7/2024 • 4 minutes, 15 seconds
Ruth Ní Bhraonáin, ball den bhrú grúpa Sábháil Ár dtráigh Caiseal Gualainn.
Tá feachtas Sábháil Ár dtráigh Caiseal Gualainn ar bun le roinnt mhaith blianta anois. Ar an tseachtain is a chuaigh thart d’éirigh le cás Ardchúirte a thug an brúghrúpa in éadan úinéir an ghailfchumann, Liam Mc Devitt.
2/7/2024 • 8 minutes, 19 seconds
An Doctúir Diarmuid Johnson.
Ag tabhairt eolas ar thógra atá ag Institiúid síci-theangeolaíocht Max Plank san Ísiltír agus iad ag iarraidh measúnú a dhéanamh ar an dóigh a ndéanann daoine abairtí Gaeilge a mheas ó thaobh na gramadaí de.
2/6/2024 • 18 minutes, 35 seconds
Pearse Ó Dochartaigh, Teachta Dála Shinn Féin.
Tá sé dhá bhliain anois ó thit comhthionól an Tuaiscirt as a chéile ach inniu cuirfear tús le cuid oibre na mball tofa arís. Cuid tuairimí an Teachta Dála Pearse Ó Dochartaigh.
2/6/2024 • 16 minutes, 19 seconds
Maighréad Uí Annluain ó seomra na Nuachta.
Cuir síos ar scéalta nuachta áitiúla an lae.
2/6/2024 • 4 minutes, 59 seconds
An Garda Siobhán Ní Cathmhaoil.
Mír rialta le ball den Garda síochána go háitiúil le heolas agus comhairle den phobal agus cur síos ar eachtraigh a tharla sa chondae le seachtain.
2/6/2024 • 10 minutes, 55 seconds
Barrsscéalta, clár iomlán, 06/02/2024.
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Dónall Mac Ruairí.
2/6/2024 • 56 minutes, 47 seconds
Séamus Mac Ruairí as Anagaire agus Cathaoirleach CLG Naomh Muire, John Cholm Mac Giolla Easpaig.
Bronnfar Gradam Uachtarán CLG ar Shéamus Mac Ruairí as Anagaire ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna inniu. Bhéarann na Gradaim seo aitheantas do dhaoine áirithe as an tseirbhís a thugann siad don Chumann Lúthchleas Gael.
2/2/2024 • 8 minutes, 6 seconds
DJ Próvaí ag caint ar rath scannán Kneecap
Rogha an lucht féachana bainte ag Kneecap ag féile Sundance
2/2/2024 • 17 minutes, 51 seconds
Mary Aggie as an Pholl Dóite, Rann na Feirste.
Ag caint inniu faoi Naomh Bríd agus ceiliúradh na Féile agus ar nósanna atá ag ógánaigh anois nach raibh ag gabháil in am Mhary. Is í a bhí maith inniu.
2/2/2024 • 6 minutes, 7 seconds
Dónall Ó Ceallaigh as an Ghaeltacht Lár ó dhúchas ach a bhfuil cónaí air I Frankfurt Na Gearmáine.
Ag caint ar na cuimhní atá aige ar cheiliúradh an Féile Bríde sa bhaile ina óige, an dóigh a ndéan sé ceiliúradh ar an fhéile sa Ghearmáin agus amhrán úr cumha aige faoi Naomh Bríd.
1/31/2024 • 16 minutes, 44 seconds
Maighréad Uí Annluain, Seomra na Nuachta.
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
1/31/2024 • 4 minutes, 12 seconds
Dónall Ó Cnáimhsí Oifigeach Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt.
Tiocfaidh an Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga le chéile inniu don chéad uair seo grúpa úr a bunaíodh ag Oireachtas na Gaeilge.
1/31/2024 • 7 minutes, 52 seconds
Fear na Ríomhairí, Andy Caomhanach.
Mír rialta le Andy faoi chúrsaí ríomhaireachta, teicneolaíochta agus na meáin.
1/31/2024 • 7 minutes, 6 seconds
Stuart Mac Pháidín, Gaoth Dobhair atá ag teagasc i mBaile Dhún na nGall ach a bhfuil cónaí air i mBéal Átha Seannaidh.
Tá féile a eagrú ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann Bhéal Átha Seanaigh le ceiliúradh a dhéanamh ar an cheol traidisiúnta le linn deireadh seachtaine saoire bainc na Féil Bhríde.
1/31/2024 • 6 minutes, 19 seconds
Sean Mac Eachmharcaigh, Ball Foirne ar Bhád Tarrthála Ghaoth Dobhair.
B’éigean tarrtháil a thabhairt ar cheathrar iascaire luath maidin inniu nuair a chuaigh a mbád atá dhá mheadar dhéag ar fhad ar charraigeacha amach ó chósta Inis Meáin.
1/31/2024 • 4 minutes, 6 seconds
Barrscéalta, clár iomlán, 31/01/2024.
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus léiriú ag Dónall Mac Ruairí.
1/30/2024 • 58 minutes, 35 seconds
Mairéad Ní Mhaoilchiaráin, Seomra na Nuachta.
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
1/30/2024 • 4 minutes, 46 seconds
Oifigeach Caidrimh Phoiblí an ghrúpa Taca íochta Mica, Róise Ní Laifeartaigh.
Ní bhfuair ach 43 úinéir tí i nDún na nGall a bhfuil MICA ina dtithe an deontas iomlán lena dtithe a chóiriú, ó cuireadh an scéim chúitimh ar bun trí bliana ó shin.
1/30/2024 • 6 minutes, 44 seconds
Innealtóir Mara le Comhairle Contae Dhún na nGall, Cathal Mac Suibhne.
Cheadaigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara maoiniú do Chomhairle Condae Dhún na nGall anuraidh ach bhí sprioc ama leagtha síos don mhaoiniú nach raibh an Comhairle Condae in ann caitheamh. Tá an maoiniú ceadaithe arís ar choinníoll go mbeidh an obair críochnaithe faoi dheireadh na bliana seo.
1/30/2024 • 6 minutes, 11 seconds
Donnachadh Ó Baoill ó Údarás na Gaeltachta.
Ag plé Tuarascáil Bhliantúil Údarás na Gaeltachta agus an laghdú 1% san fhostaíocht i gcliantchomhlachtaí an Údaráis anseo sa chontae?! (Seo an t-aon chontae Gaeltachta ina raibh titim fostaíochta i gceist anuraidh).
1/30/2024 • 23 minutes, 55 seconds
Gearóid Ó Muilleoir Eagarthóir Thuaisceart Éireann den Sunday World.
Scéal mór na maidine nó go bhfuil cinneadh déanta ag an DUP pilleadh ar Stormont a fhad is go gcloíonn Rialtas na Breataine leis na socruithe reachtaíocht a athrú le laghdú a dhéanamh ar rialacha trádála idir an Bhreatain agus na 6 Contae.
1/30/2024 • 10 minutes, 41 seconds
Mairead Ní Earcáin, múinteoir i bPobalscoil Chloich Cheann Fhaola, Aisling Nic Pháidín dálta i bPobalscoil Chloich Cheann Fhaola agus Tara N
Tá an spriocdháta don chomórtas Junk Kouture ar leac an dorais ach cad é an cineál comórtas é, tá eolas mhaith ag Mairéad, Aisling agus Tara faoin chomórtas agus na hullmhúcháin a bhaineann leis.
1/26/2024 • 12 minutes, 38 seconds
Barrscéalta - Clár Iomlán - 26/01/2024.
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Dónall Mac Ruairí.
1/26/2024 • 57 minutes, 53 seconds
Mary Aggie as an Pholl Dóite, Rann na Feirste.
Tá Mary Aggie linn inniu agus í iontach confach faoi an chumhacht na bhfear agus go bhfuil barraíocht aird a tharraingt ar fhir fiú le hábhair a bhaineann le mná amháin.
1/26/2024 • 6 minutes, 46 seconds
Mark Harte, saineolaí ar chúrsaí an CLG ó Chontae Thír Eoghain.
g cur síos ar na cluichí sraithe sa pheile gaelach a bheas ar siúl an deireadh seachtaine seo.
1/26/2024 • 6 minutes, 34 seconds
Éamonn Mac Giolla Bhríde, ceantálaí áitiúil agus éisteoir rialta.
Tá brat deartha ag Éamonn le ceiliúradh a dhéanamh a Naomh Bríd, anois agus Lá Saoire Bainc againn do Fhéile Naomh Bríd measann Éamonn nach bhfuil cothromaíocht a fháil aici ó thaobh a tábhacht i stáir na hÉireann.
1/26/2024 • 4 minutes, 54 seconds
Mairéad Ní Mhaolchiaráin, ó Sheomra na Nuachta.
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
1/25/2024 • 5 minutes, 7 seconds
Aoife Ní Sheaghdha, Oifigeach Oideachais Iar-Bhunscoile leis an Chomhairle um Oideachais agus Gaelscolaíochta.
Tá ceardlann a eagrú ag an Chomhairle um Oideachais agus Gaelscolaíochta i Leitir Ceanainn De Máirt an séú lá de mhí Feabhra.
1/25/2024 • 6 minutes, 16 seconds
Barrscéalta, clár iomlán, 25/01/2024.
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Dónall Mac Ruairí.
1/25/2024 • 57 minutes, 40 seconds
Ciarán Mac Fheidhlimidh, ceoltóir a bhfuil cónaí air ar an Chaoldroim Uachtarach, Gort a Choirce.
Sheol Ciarán uirlisí ceoil luachmhara na Gearmáine le seirbhís beartanna An Post. Is fiú na mílte euro na píb uilleann seo. Níor bhain an beartán ceann scríbe amach. Níl An Post ábalta inse do Chiarán cá bhfuil an beartán agus níl siad ag tairiscint cúiteamh iomlán dó maidir le costas iomlán na bpíb.
1/25/2024 • 14 minutes, 24 seconds
An Doctor Teaghlaigh Tony Delap íoclann dochtúra an Bhun Bhig.
Mír rialta leis an Dochtúir Delap, ag tabhairt comhairle don phobal maidir le cúrsaí sláinte agus leighis agus ag freagairt ceisteanna na n-éisteoirí.
1/25/2024 • 13 minutes, 45 seconds
Garraíodóir Chluain na dTor, Deirdre Ní Bhraonáin.
Mír garraíodóireachta agus nádúr na seachtaine seo le Deirdre ag tabhairt comhairle inniu faoi na rudaí gur féidir linn déanamh le cuidiú le h-éin bheaga faoin am seo bliana.
1/25/2024 • 10 minutes, 48 seconds
Frances Nic Géadaigh ó Sheomra na Nuachta.
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
1/24/2024 • 8 minutes, 36 seconds
Seán Mac Gairbheith ó Rannóg Ríomhaireachta Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, Leitir Ceanainn.
Ag caint faoi easpa lóistín i mBaile Leitir Ceanainn, tá baill an cheardchumann an TUI míshásta maidir le ghnéithe áirithe oibríochta agus pá ó bunaíodh na hollscoltacha teicneolaíochta agus go bhfuil maoiniú €2.66m ceadaithe ag an Aire Breis Oideachais agus Ard Oideachais Simon Harris d’Ollscoil Teicneolaíochta Leitir Ceanainn.
1/24/2024 • 8 minutes, 46 seconds
Pól Mac Aodh agus Danny Rua Ó Gallchóir beirt iar Gharda ag caint ar mar a bhí cúrsaí nuair a bhí siad ag obair.
Le blianta beaga anuas is beag scéal dearfach atá a chluinstin againn fá choinníollacha oibre an Gharda Síochána….agus tá an teachtaireacht sin ag teacht go tréan ó Chumann Ionadaíochta an Gharda Síochána.
1/24/2024 • 25 minutes, 29 seconds
Bríd Winnie Mhic Suibhne as Loch An Iúir.
Tá Bríd ag tabhairt faoi dhúshlán eile i mbliana, dúshlán atá déanta aici roinnt uaireanta anois do charthanachta éagsúla agus í ag siúil 365 lá sa bhliain.
1/24/2024 • 10 minutes, 40 seconds
Barrscéalta, clár iomlan, 24/01/2024.
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Dónall Mac Ruairí.
1/24/2024 • 58 minutes, 13 seconds
An Garda Éamonn Ó Gallchóir Ó Stáisiún na nGardaí i mBaile na nGallóglach.
Comhairle don phobal maidir leis na contúirtí a bhaineann leis an aimsir gharbh agus eolas faoi eachtraí gadaíochta a tharla sa chontae le roinnt laethanta.
1/23/2024 • 9 minutes, 33 seconds
Róise Ní Laifeartaigh, Oifigeach Caidrimh Phoiblí, Grúpa Gníomhaíochta MICA.
Ag caint faoin dóigh a bhfuil na stoirmeacha ag cur isteach ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu i dtithe le brící lochtacha Mica iontu.
1/23/2024 • 8 minutes, 11 seconds
Marie Nic Eamharcaigh as Rann na Feirste iníon leis an ealaíontóir Morag Mhic Eachmharcaigh, atá ag an seó trádála san RDS an tseachtain seo
Tá an seó trádála bliantúil Showcase 2024 ar siúl san RDS i mBaile Átha Cliath faoi láthair agus tá ionadaíocht a dhéanamh ag roinnt daoine ón chontae seo ar son na contae ag an seó. Máire agus Morag ina measc.
1/23/2024 • 5 minutes, 49 seconds
Megan Nic Ruairí, ceoltóir as Rann na Feirste.
Tá EP úr eisithe ag Megan agus ráchairt mhór ar a cuid ceoil le tamall, cuireann sí síos ar an EP úr agus ar chomh dúshlánach agus atá s é slí beatha a bhaint amach in earnáil an cheoil.
1/23/2024 • 5 minutes, 37 seconds
Pól Mac Aoidh, innealtóir bóithre le Comhairle Contae Dhún na nGall.
Ag cur síos ar an scéal is deireanaí faoi bhóithre na contae i ndiaidh na stoirme agus an chomhairle maidir leis chéad stoirm eile atá le theacht inniu.
Olc agus atá stoirmeacha ar tír mór tá sé giota maith níos measa agus tú ar oileán agus gan bádaí farantóireachta in ann taisteal, an t-eolas is deireanaí ag Marjorie faoi Oileán Thóraí.
1/23/2024 • 4 minutes, 4 seconds
Frances Nic Géadaigh ó Sheomra na Nuachta.
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
1/23/2024 • 4 minutes, 35 seconds
Mary Aggie as an Pholl Dóite, Rann na Feirste.
Comhrá na hAoine le Mary Aggie agus neart le rá aici inniu, bronntanais na Nollag, Stóltaí, carriacha agus cuid mhaith eile a phlé aici le Michelle.
1/19/2024 • 9 minutes, 31 seconds
Barrscéalta, clár iomlán, 19/01/2024.
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Dónall Mac Ruairí.
1/19/2024 • 57 minutes, 23 seconds
Mark Harte, saineolaí ar chúrsaí an CLG agus tráchtaire spóirt.
Ag caint ar chluichí móra a bheas ar siúl an deireadh seachtaine seo sa pheil Gaelach.
1/19/2024 • 5 minutes, 56 seconds
Annie Ní Lochlainn agus Colm Seoige ó CLG an Ghleanna i nDoire.
Don dara bliain as a chéile bhéarfaidh foireann Watty Grahams aghaidh ar Pháirc an Chrócaigh le himirt i gCluiche Ceannais Chlubanna na hÉireann.
1/19/2024 • 9 minutes, 36 seconds
Fiona Nic Giolla Chomhaill - Príomh Fheidhmeannach na heagraíochta Athchoiriú Meabharshláinte.
Ag caint faoi go bhfuil deireadh le cur leis na seirbhísí comhairleoireachta a chuireann Seirbhís Tréadach Dheoise Rath Bhotha ar fáil do pháistí agus do dhaoine fásta.
1/19/2024 • 9 minutes, 48 seconds
Ríonach Ní Dhubhchoin bean óg as Toraigh agus Gort a’ Choirce.
Ag cur síos ar a saoil oibre le Emirate Airlines agus an saol atá aici agus í na cónaí i Dubaí.
1/19/2024 • 15 minutes, 56 seconds
Barrscéalta, clár iomlán, 18/01/2024.
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Dónall Mac Ruairí
1/18/2024 • 58 minutes, 13 seconds
Gearóid Ó Muilleoir, Iriseoir, Dorothy Nic Fhionnghaile, INTO, Amanda Carson, Múinteoir agus Patsy McGlone, SDLP.
Ag caint faoi na stailceanna atá ar siúl sna Sé Contae inniu agus ar an tionchar atá ag na stailceanna ar sheirbhísí inniu.